Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
A chéad chuimhní ar an oileán, 1925, a rugadh é. A chuimhní ag éirí aníos. Thagadh sé amach go Machaire Rabhartaigh ag amharc i ndiaidh eallaigh ag fear ansin, bhí rothar aige agus bhíodh John ag úsáid an rothair. Bhíodh sé ag toghadh phreátaí agus ag tógáil chocháin. | 00:02:30 | |
Bhí siad ábalta siúl amach ón oileán leis na beithígh dhá am sa bhliain. Thagadh siad amach san Earrach thart fán Fheil Pádraig le crúanna a chur ar na beithígh. Bhí a fhios ag na beithígh iad féin a mbealach na bhaile. An Clochán an t-ainm a bhí ar an bhealach a thugadh siad amach. | 00:03:16 | |
Na tithe ar an oileán. Bhí cúpla teach ceann tuí ann ach bhí sclataí nó leacacha ar chuid mhaith acu. Bhí teach John é féin breá aosta, tógadh a athair ann roimhe. Bhí clocha ar an oileán acu a d’úsáid siad leis na tithe a thógáil. Cur síos ar mar a thóg siad na clocha seo. Bhí na tithe breá seascar. Bíonn cuid dá theaghlach féin agus daoine muinteartha dó istigh anois sa tsamhradh. Cuireann sé cumhaidh air corr uair daoine a fheiceáil ag fágáil an oileáin.
Tá oileán eile, oileán Dúiche ar chúl Inis Bó Finne a raibh cónaí uirthi am amháin, uncail do féin an fear deireanach lena fágáil, bhí siopa beag ar an oileán fosta. Caoraigh a choinnigh siad ansin.
Tá an chuid is mó de mhuintir Inis Bó Finne ina gcónaí i Machaire Rabhartaigh anois.
Chaith sé saol breá agus bhain sé sult breá as cibé áit a raibh sé. Níl áit go deas le Inis Bó Finne, tá talamh breá ann. | 00:10:41 | |
Amach agus isteach go Toraigh ag damhsaí agus dhéanadh muintir Thoraí an rud céanna fosta corr uair. Théadh siad an Aifrinn ann fosta. Thosaíodh an ceol agus damhsa fosta, istigh sa scoil a bhíodh siad agus bhíodh oíche go maidin acu. Deireadh siad an paidrín istigh i dToraigh fosta. An chuid eile den am chaitheadh siad a theacht go Gort an Choirce le Aifreann a fháil agus chaitheadh siad a bheith ag troscadh ón oíche roimh ré. Cur síos ar an lá seo. | 00:05:19 | |